Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Measúnú Rangbhunaithe

Is ionann na Measúnuithe Rangbhunaithe agus an tráth nuair a dhéanann an múinteoir measúnú ar na scoláirí sa mheasúnú sonrach/sna measúnuithe sonracha a leagtar amach i sonraíocht an ábhair nó an ghearrchúrsa. Tá Measúnú Rangbhunaithe amháin i ngearrchúrsaí na sraithe sóisearaí. De réir mar is féidir, glacfaidh múinteoirí na ngearrchúrsaí páirt i gcruinnithe AFMÁ. Cuspóir faoi leith den mheasúnú rangbhunaithe is ea aiseolas forbartha don scoláire a éascú le linn dóibh bheith páirteach sa tasc agus ag deireadh an phróisis.

Measúnú Rangbhunaithe in OSPS

Ní bhaineann an measúnú in OSPS le tascanna a shocrú d’fhonn teist marcanna a charnadh. Ná ní bhaineann sé le múinteoirí a bheith ag measúnú cén áit atá bainte amach ag an scoláire ar chontanam na folláine ná breithiúnas a dhéanamh maidir le folláine cholanda, shóisialta ná mhothúchánach an scoláire. Tugtar aird sa mheasúnú ar chead a thabhairt don scoláire léiriú a thabhairt ar an eolas, ar na scileanna agus na héirimí atá gnóthaithe aige trína rannpháirtíocht san fhoghlaim in OSPS.

Agus éagsúlacht na bhfoghlaimeoirí agus na gcomhthéacsanna á gcur san áireamh, agus ar mhaithe leis an oiread solúbthachta agus roghanna agus is féidir a chinntiú, rachaidh an scoláire i ngleic le ceann amháin de na Measúnuithe Rangbhunaithe (MRBanna) seo a leanas.

Teideal

Leagan amach

Ullmhúchán an scoláire

Punann mo chuid foghlama agus mo mhachnamh ar fhoghlaim in OSPS

Rogha aonair de mhíreanna oibre, amhail ábhar digiteach, téacsanna scríofa, póstaeir, ábhar closamhairc nó ábhar ilmhódach

Roghnóidh an scoláire trí phíosa oibre, a cuireadh i gcrích le himeacht aimsire agus atá nasctha le snáitheanna difriúla na foghlama laistigh den chúrsa; cuirfidh sé i láthair iad in éineacht le machnamh ar an bhfáth ar roghnaíodh gach píosa agus ar an gcaoi a raibh siad tábhachtach don scoláire ó thaobh foghlama in OSPS.

Teideal

Leagan amach

Ullmhúchán an scoláire

Beart a dhéanamh le haghaidh OSPS

Tionscadal aonair nó grúpthionscadal beag ar féidir é a chur i láthair ar mhórán formáidí

Déanfaidh an scoláire, thar thréimhse shonraithe, agus tacaíocht agus treoir á bhfáil aige ón múinteoir, taighde, tuairisciú agus machnamh ar bheart atá déanta aige chun gné den tsláinte/den fholláine a ndearnadh staidéar uirthi sa ghearrchúrsa OSPS a chur chun cinn nó chun feasacht a mhúscailt ar an ngné sin.

Cé go mbeidh éagsúlacht ag baint leis an am a dhéantar an Measúnú Rangbhunaithe i ngearrchúrsaí, ag brath ar an scoil, ní féidir Measúnuithe Rangbhunaithe a dhéanfar i gcomhair tuairiscithe i bPróifíl Ghnóthachtála na Sraithe Sóisearaí (PGSS) a chur i gcrích sa chéad bhliain. Is féidir an Measúnú Rangbhunaithe seo a chur i gcrích sa dara bliain nó sa tríú bliain.

(Féach ar Uirlisí Úsáide OSPS: Modhanna Cruthaitheacha i leith Measúnú in OSPS)

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.